Free

1921: Bliain na Cinniúna | 1921: Year of Reckoning

Actions and Detail Panel

Free

Event Information

Share this event

Date and time

Location

Location

Online event

Event description
Presented by Dublin City Library & Archive, as part of Dublin Festival of History 2021

About this event

Ba bhliain chinniúnach i stair na hÉireann é 1921. Scaradh an tír ina dhá cuid, agus bunaíodh Tuaisceart Éireann. Chuaigh cogadh na saoirse i ngéire, ach rinneadh sos cogaidh sa samhradh. Tar éis cainteanna i Londain, thángthas ar chomhaontú chun Saorstát Éireann a chur ar bun. Bhí a lán daoine míshásta leis, agus ba ghearr go raibh scoilt i ngluaiseacht na Poblachta, scoilt a rachadh in olcas le himeacht ama.

Céad bliain ar aghaidh, tá iarmhairt na bliana sin le brath in Éirinn fós, agus díospóireacht ar siúl faoina bhfuil i ndán don tír.

Sa seisiún seo, beidh imeachtaí 1921 á bplé ag Síobhra Aiken, Fearghal Mac Bhloscaidh agus Aindrias Ó Cathasaigh, staraithe a bhfuil iniúchadh déanta acu ar an tréimhse chorrach seo de stair na tíre.

1921 was a crucial year in Ireland’s history. The country was divided in two, and Northern Ireland established. The war of independence grew more intense, but a truce was worked out in the summer. After talks in London, an agreement was reached to establish the Irish Free State. Many were dissatisfied with it, and the Republican movement soon split, a split which would worsen as time went on.

A hundred years on, the consequences of that year can still be felt in Ireland, as debate takes place on the country’s future.

In this session, the events of 1921 will be discussed by Síobhra Aiken, Fearghal Mac Bhloscaidh and Aindrias Ó Cathasaigh, historians who have examined this turbulent period in the country’s history.

Síobhra Aiken

Bhain Síobhra Aiken BA sa Léann Eorpach i gColáiste na Tríonóide agus MA sa Léann Éireannach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhain sí PhD in 2020 ó Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus bhronn an Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann Duais Adele Dalsimer uirthi as an tráchtas dochtúireachta is fearr. Tá dhá leabhar curtha in eagar aici: The Men Will Talk to Me: Ernie O’Malley’s Interviews with the Northern Divisions (2018) agus An Chuid Eile Díom Féin: Aistí le Máirtín Ó Direáin (2018). Foilseoidh Irish Academic Press a céad mhonagraf, Spiritual Wounds: Trauma, Testimony and the Irish Civil War, in 2022.

Fearghal Mac Bhloscaidh

De bhunadh Oirthear Thír Eoghain, is léachtóir i gColáiste Ollscoil Naomh Muire i mBéal Feirste é Fearghal Mac Bhloscaidh. Tá dhá leabhar scríofa aige faoi Thír Eoghain le linn na réabhlóide, Fenians and Ribbonmen (2011) agus The Irish Revolution 1912-23: Tyrone (2014), agus é ina eagarthóir ar The Men Will Talk to Me: Ernie O’Malley’s Interviews with the Northern Divisions (2018). Scríobhann sé blag dátheangach, Blosc, agus foilseofar in 2022 trí chaibidil leis a bhainfidh leis an lucht oibre in aimsir na réabhlóide in Ultaibh. 

Aindrias Ó Cathasaigh

I measc saothar Aindrias Uí Chathasaigh ar an tréimhse réabhlóideach in Éirinn tá na sraitheanna teilifíse 1916 Seachtar na Cásca agus 1916 Seachtar Dearmadta, agus na leabhair a ghabh leo. Bhronn an tOireachtas agus an Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann duaiseanna ar Ainm na Saoirse (2019), a leabhar faoi Dháil Éireann agus an Ghaeilge. Chuir sé Saol Corrach in eagar, cainteanna a tugadh ag Féile na Staire in 2018. Tá sé i mbun taighde ar shóisialaithe Gaelacha sa chéad leath den fhichiú céad faoi láthair, chomh maith le Leabhar 2 de Réabhlóid na Rúise (foilsíodh Leabhar 1 in 2017).

Share with friends

Date and time

Location

Online event

{ _('Organizer Image')}

Organiser Dublin Festival of History

Organiser of 1921: Bliain na Cinniúna | 1921: Year of Reckoning

The Dublin Festival of History is an annual free festival, brought to you by Dublin City Council, and organised by Dublin City Libraries, in partnership with the Dublin City Council Culture Company.

Save This Event

Event Saved