Actions Panel
Aghaidh ar an Áise
Seimineár eolais i dtaca le deiseanna gnó i margaí na hÁise
When and where
Date and time
Location
Online
About this event
Tá fás ollmhór tagtha ar mhargaí na hÁise le blianta anuas agus meastar nach fada go mbeidh an tSín mar phríomhgheilleagar na cruinne. Tá seimineár i nGaeilge á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta, i gcompháirtíocht le Asia Matters, ar líne ar an 11 Nollaig 2020 le léargas a thabhairt ar na deiseanna atá ar fáil sa mhór-roinn fíor-thábhachtach seo d’fhiontraithe agus do chomhlachtaí na tíre. Roinnfidh na cainteoirí, a bhfuil saintaithí acu ar mhargaí agus ar shaol na hÁise, a dtaithí agus a gcomhairle ag an seimineár ar líne. Táthar ag súil go spreagfaidh an ócáid seo fiontraithe agus comhlachtaí le súil a thabhairt soir ar an gcianoirthear agus deiseanna fáis agus forbartha sna blianta amach romhainn a aithint agus a thapú.
Ar chuid de na cainteoirí a bheidh i láthair, tá:
Martin Murray, Stiúrthóir, Asia Matters
Alan Dukes, Cathaoirleach, Asia Matters
Ross Curran, Comhairleoir Sinsearach Margaidh, Enterprise Ireland
Declan McFadden, Comhairleoir Margaidh neamhspleách san Áis
Micheál Ó Conghaile, MD, MUFG
Kevin English, Príomhailtire IT, Dynamic-GRC
Siobhán Ní Chofaigh, CEO Mint Tek
Pól Ó Coimín, CEO Telegael
Noreen Breathnach, Oifigeach Forbartha Fiontraíochta, Údarás na Gaeltachta