Bailiúchán na Scol, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne

Actions Panel

Bailiúchán na Scol, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne

Bailiúchán na Scol, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne

When and where

Date and time

Location

Ionad an Bhlascaoid The Blasket Centre Amharclann V92 TH73 Dún Chaoin Ireland

Map and directions

How to get there

About this event

Tá togra uaillmhianach á láinseáil ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne mar chuid d’Fhéile 2022.

Is é is aidhm don togra ná obair le scríbhneoirí áitiúla na Gaeilge, agus leis na scoileanna chun dul amach sa phobal agus tuairiscí a thabhairt ar stair áitiúil agus ar bhéaloideas a linne féin.

Nuair a déanadh an bailiúchán atá anois i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ins na 1930í, pobal Gaelach ar fad, geall leis, ab ea pobal Chorca Dhuibhne. Anois, is pobal fíor spéisiúil é, pobal ina maireann an Ghaeilge i gcónaí, agus anuas air sin pobal ina maireann meascán mór cultúr agus teangacha eile.

Tharlaigh athraithe móra sa leithinis, athraithe nach bhfuil cur amach againn ar a leithéid in aon am eile sa stair. Anuas air sin, gan amhras, tháinig na h-athraithe meara teicneolaíochta a chúngaigh agus a leathnaigh an domhan agus ins an 90 bliain nó mar sin ó déanadh Bailiúchán na Scol 1937 tá an leithinis claochlaithe thar cuimse.

Bailiúchán na Scol, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne image