€0 – €30

Borradh - Trí Chomhrá a Thagann an Splanc

Event Information

Share this event

Date and Time

Location

Location

Huckletree D2

42 Pearse Street

D02 YX88 Dublin

Ireland

View Map

Event description
Is pobal é Borradh do dhaoine ar mhaith leo a luachanna a chuir i gcroílár a shaol ghnó. Bígí linn don sheoladh!

About this Event

Bígí linn do sheoladh Borradh. Foghlaim ó chinnirí corparáideacha ár linne agus ár dtodhchaí.

  • David Kyne, Príomhfeidhmeannach, Evoke KYNE
  • Aisling Quinn, Bunaitheoir, VideoRankMe
  • Micheál O'Conghaile, Stiurthóir Bainistíochta le MUFG Investor Services

Faoi Bhorradh

Is pobal é Borradh do dhaoine ar mhaith leo a luachanna pearsanta a chur i gcroílár a saol gnó.

Cruthaíonn Borradh spás do chinnirí, ceannródaithe agus nuálaithe gnó teacht le chéile agus díriú le meon úr ar na rudaí atá tábhachtach dóibh.

Creideann Borradh gur trí chomhrá a thagann an splanc a spreagann daoine lena dtodhchaí féin a mhunlú. Cuireann muid deiseanna nua-aimseartha ar fáil do dhaoine forbairt ar bhonn pearsanta agus ar bhonn ghnó.

Bhunaigh David KYNE i 2009, le nasc a chruthú idir chomhlachtaí phoilbí agus priobháideach chun go bhfeabhsóidh siad cursaí sláinte timpeall na crúinne. Creideann David gur féidir an deis seo a thapú trí chumarsáid straitéiseach agus cruthaitheach.

Le foireann de suas go 200 fostaí ag obair faoina churam, oibríonn David le chomhlachtaí cógasaíochta; daonnachtúlachta; roinn sláinte poiblí; eagrachtaí UN agus roinnt NGO.

Faoir stiúir David, bhain KYNE duaiseanna ar nós PRWeek’s Boutique Agency of the Year, Holmes Global and EMEA Healthcare Agency of the Year, PR News Top Places to Work agus PRWeek Global Campaign of the Year for United Against Malaria.

Bhain sé chéim amach ó Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, agus máistreacht Chaidreamh Poiblí ó DIT.

Is comhbhunaitheoir í Aisling de VideoRankMe, comhlacht a dhéanann uath-optamú de torthaí innill chuardaigh chun suíomhanna bhrandaí a chur ar bharr Google agus YouTube i gceann cúpla noiméad tríd físteicneoilaíocht chliste.

Tá céim bhaitsiléara sa dlí sibhialta aici as Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath ach d’aistrigh sí a aistear ghairme go luath chun a bheith ina bhfiontraí margaíochta sa réimse nuálach margaíocht digiteach.

Is comhlacht ceannrodaíoch é VideoRankMe a bhfuil an chéad chomhlacht ina réimse ar domhain le creidiunacht Google a bhaint amach. Is breá le hAisling cuidiú le comhlachtaí a gcuid cumas a chomhlíonadh trí chumhacht Google a chruthú dóibh.

Lasmuigh de chursaí ghnó is maith le hAisling íoga a chleachtadh agus bíonn sí ag taisteal go rialta.

Tá Micheál faoi latháir mar Stiurthóir Bhainistíochta le MUFG Investor Services atá mar chuid den ghrúpa MUFG, an 3ú banc is mó ar domhain.

Ghlac Micheál lena ról reatha mar Stiurthóir Bhainistíochta agus Ceannasaí Domhanda ar Feidhmiúcháin Lár-Oifige i mí Lunasa 2018.

As Inis Óirr ó dhuchás, bhí Micheál mar Cheannasaí APAC le MFS i Singapore ó Iúil 2011. Thosnaigh Micheál a ghairm le UBS Cayman i 2004 mar chuntasóir ciste sinsearach a raibh freagracht aige as NAVs a chruthú do gach aon chinéal ciste.

Roimh dó dul isteach le UBS, bhí trí bhliain caite aige ag obair le BISYS Hedge Fund Services i mBermuda. Tá taithí aige mar chuntasóir i réimsí na hiniúchadh, tairgiúlachta agus arachais freisin in Éirinn agus san Astráil.

Tá Micheál mar bhall d'Institiúd na gCuntasóirí Bhainistíochta.

Share with friends

Date and Time

Location

Huckletree D2

42 Pearse Street

D02 YX88 Dublin

Ireland

View Map

Save This Event

Event Saved