Actions Panel
Claymation Workshop/Ceardlann Chrébheochana
When and where
Date and time
Location
Dingle Creativity & Innovation Hub Cooleen Business Centre Cooleen V92 Y23W Dingle Ireland
Map and directions
How to get there
Refund Policy
Description
Tá an ceardlann chrébheochana seo dírithe ar bheochantóirí óga idir 11 agus 16 bliana d'aois. Díreoidh sé isteach ar fhorbairt charachtar agus conas is féidir le cúrsaí deartha dul i bhfeidhm ar charachtar sa bheochan. Fiosróidh na rannpháirtithe é seo trí bheith ag obair mar chuid d'fhoireann chun míreanna gearra beochana a chruthú. Déanfaidh siad pleanáil ar an mír, dearadh agus tógáil na gcarachtar agus na gcúlraí, agus scannánú na beochana leis an gceamara.
Beidh áisitheoireacht á déanamh ar an gceardlann ag Paper Panther. Tá foireann Paper Panther ag déanamh áisitheoireachta do lucht leanta na beochana de gach aoisghrúpa timpeall na tíre le deich mbliana anuas. Tá ceardlainn tugtha acu thar lear, go háirithe ag Féile Beochana agus Cluichí Ríomhaire Blon sa Liotuáin i 2017 agus 2018. Anuas ar sin, tá áisitheoireacht déanta acu ar cheardlanna le mic léinn bheochana i gColáiste Bhreisoideachais Bhaile Formaid, in IADT agus i gColáiste Dhulaigh. Chuaigh scannáin a déanadh ina gcuid ceardlann ar aghaidh chun gradaim a bhaint amach i bhféilte idirnáisiúnta.
I gcomhair a thuilleadh eolais déan teagmháil le Maggie - maggie@dinglehub.com
Maoinithe ag Ciste na mBailte agus na Sráidbhailte, Comhairle Contae Chiarraí agus ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, i gcomhpháirt le Mol Teic agus Féile Idirnáisiúnta Scannáin agus Beochana an Daingin.




