Comhdháil na Tríonóide: Dánta cogaidh & dánta síochána ó lár an 17ú hAois
Event Information
Event description
Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, comhdháil ar "Dánta cogaidh agus dánta síochána ó lár an 17ú haois."
About this event
Reáchtálfaidh Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil ar champas agus ar líne (agus go hiomlán ar líne, más gá) ar an 20ú Bealtaine 2022. An téama atá ag an gComhdháil i mbliana Dánta cogaidh agus dánta síochána ó lár an 17ú haois. As Gaeilge a bheidh na himeachtaí.
I Léachtlann Mháirtín Uí Chadhain a bheidh na himeachtaí, i mBloc na nEalaíon sa gColáiste. Ticéid ar fáil ag an doras ar €10. Tae/Caife agus lón ar fáil. Clár iomlán ag suíomh Roinn na Gaeilge.