Comórtas Liathróid Láimhe (Aon-Bhalla) na Gaeltachta
Event Information
Description
Tá Comórtas Liathróid Láimhe na Gaeltachta (Aon-Bhalla) 2019 oscailte do imreoirí …
ó chumainn atá lonnaithe sa Ghaeltacht
nó a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht
nó atá as ceantar Gaeltachta ó dhúchas
nó a bhfuil ag obair nó ag freastal ar scoileanna sa Ghaeltacht
nó ó chumainn atá cláraithe le Glór na nGael (Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha)
nó ó chumainn i dTuaisceart na hÉireann a bhfuil plean teanga Gaeilge acu
RIALACHA AN CHOMÓRTAIS
Beidh ar gach imreoir, GAN EISCEACHT AR BITH, earraí cosanta súl a chaitheamh.
Cáilitheacht ó thaobh aoise de: brathann sé ar aois an imreora ar Eanáir 1, 2019.
Cáilitheacht do grád B: muna bhfuil bonn cúige A nó B buaite agat in aon chód ar bith, is féidir leat dul isteach sa ghrád B.
Cáilitheacht do grád C: muna bhfuil bonn cúige buaite agat in aon chód ar bith, is féidir leat dul isteach sa ghrád C.
Tosnaitheoir: tá an grád seo do dhaoine atá ag imirt ar feadh tréimhse faoi bhun dhá bhliain.
Coimeádann Coiste Eagrúcháin an Chomórtais an ceart againn féin cinntí a dhéanamh faoi grádanna agus stádas gach imreora. Muna bhfuil go leor iontrálacha i ngrád éigin, is féidir linn iad a chur le chéile le grád eile.
Ní cheadaítear ach iontráil amháin in aghaidh an duine.
Ní cuirfear cluichí siar. Muna bhfuil tú i láthair ar thaobh an chúirte 15 nóiméid roimh tús do chluiche, tabharfar bua gan coimhlint don imreoir eile. Foilsífear amchlár chomh luath agus is féidir tar éis an spriocdháta iontrála.
Is é an Luan, 10ú Meitheamh 2019 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Má tá imreoir faoi bhun 18 bliana d’aois, beidh ar dhuine fásta an iontráil a fhaomhadh agus glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha.
Táillí iontrála: Mná agus Fir €20; Cailíní agus Buachaillí €10
Déan seiceanna iníoctha le “Cumann Liathróid Láimhe Thuar Mhic Éadaigh”
Seol seiceanna chuig:
Tadhg Ó Foghlú, Cisteoir CLL Thuar Mhic Éadaigh, Doire Mhór, Partraí, Co. Mhaigh Eo
Nó íoc ar-líne ag EventBrite
Tuilleadh eolais:
Téigh i dteagmháil le Mícheál Ó Flainn, Rúnaí CLL Thuar Mhic Éadaigh, An Caithrín, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Fón 086-0525653 nó r-phost secretary.tuarmhiceadaigh.mayo@gaa.ie
DEARBHÚ AGUS TARSCAOILEADH:
"I declare that I have consulted with my club secretary and verify that I am a registered member of my Club, that my name is included in the list of Club registrations forwarded to the GAA Handball Association, and my club has paid its contribution to the Player Injury Scheme for the year ended 31st December, 2019.
In consideration of the acceptance of this entry, I, the undersigned participant, intending to be legally bound, do hereby, for myself, my heirs, successors, assigns, executors and administrators, waive and release any and all rights and/or claims and damages against Cumann Liathróid Láimhe Thuar Mhic Éadaigh and any host clubs, their officers, trustees, directors, representatives, employees and agents in connection with my entry in the above tournament and I assume all risks by my participation.
I also consent to the use of images that may be taken by club personnel or contracted third parties throughout the duration of the competition, subject to compliance with GAA policies on social media and child protection."