
Cultúr Club @ Edinburgh
Event Information
Description
Bí linn don cheardlann gan chostas seo le foghlaim faoi acmhainní nua Cultúr Club do pháistí agus chun féiniúlacht Éireann níos láidre a chothú i measc na nGael thar sáile!
Join us for this free training session to learn about new Cultúr Club resources to foster a stronger sense of Irish identity among children of the diaspora.
Is deis í an cheardlann seo duitse:
- cóip chrua den trí leabhrán gníomhaíochta a fháil
- oiliúnt a fháil ar an gcuraclam
- bualadh le Gaeil na cathrach
- treoir a fháil más mian leatsa ceardlanna áitiúla Cultúr Club a reáchtáil do pháistí
- comhairle agus tuairim a thabhairt dúinn ar acmhainní eile a d'fhéadfaimis a fhorbairt le cabhrú leat
This community-building workshop is a chance for you to:
- receive a hard copy of each of the three activity books
- be trained on the curriculum
- network with the Irish community
- receive guidance if you would like to potentially facilitate local Cultúr Club workshops
- consult and advise us on what other resources we could develop in the future to better help you
Sonraí: www.cnag.ie/CulturClub
Details: www.cnag.ie/culturclub
CAD É CULTÚR CLUB?
WHAT'S IT ALL ABOUT?
Tá acmhainní á bhforbairt ag Conradh na Gaeilge do shraith de cheardlanna Gaeilge agus cultúir a d'fhéadfadh éascaitheoirí áitiúla a reáchtáil do pháistí 6 - 16 bliana d'aois áit ar bith ar fud na cruinne.
Conradh na Gaeilge is developing resources for a series of Irish-language and culture workshops to be run by local facilitators for 6 - 16 year olds anywhere in the world.
Tá an curaclam Cultúr Club bunaithe ar 12 théama den Éireannachas agus áirítear ann:
- leabhráin de ghníomhaíochtaí spraíúla do thrí aoisghrúpa
- treoirleabhar do mhúinteoirí, do thuistí, nó d'éascaitheoirí
- bunachar sonraí d'acmhainní agus d'áiseanna teagaisc
- scéimeanna píolótacha chun oiliúint a chur ar éascaitheoirí
This Cultúr Club curriculum is based on 12 themes of Irishness and includes:
- fun activity books for three age groups (6 - 8, 9 - 12, 13 - 16)
- guidelines for teachers, parents, or workshop facilitators
- a database of useful resources and teaching materials
- pilot schemes to train facilitators
Tá an chéad shraith de leabhráin ghníomhaíochta críochnaithe anois agus ar fáil in aisce ach do shonraí a chlárú anseo. Tá na leabhráin ar fáil in aisce d'aon duine ar spéis leo ceardlanna Cultúr Club a reáchtáil as a stuaim féin, nó dóibh siúd nár mian leo ach na hacmhainní a fhiosrú.
The first series of activity books are now completed and available free of charge from our website by registering your details here. The activity books are free to use for anyone who wants to run their own Cultúr Club workshops for kids, or indeed for anyone who is simply interested in the materials.
Cuirfear tuilleadh acmhainní le www.cnag.ie/CulturClub an fómhar seo freisin.
The additional support materials and resources will be available from www.cnag.ie/culturclub in autumn.
SCÉIMEANNA PÍOLÓTACHA
PILOT SCHEMES
Buíochas le tacaíocht ó Ard-Chonsalacht na hÉireann i nDún Éideann, tá ceardlanna oiliúna Cultúr Club á reáchtáil againn do thuismitheoirí, do mhúinteoirí, agus d'éascaitheoirí féideartha eile in Albain i mí na Samhna 2018.
Thanks to funding from the Consulate General of Ireland in Edinburgh, we are organising training workshops for parents, teachers and other potential Cultúr Club facilitators in Scotland this November.
Bí linn!
Join us!
Teagmháil agus tuilleadh eolais:
Contact and further information:
www.cnag.ie/CulturClub
culturclub@cnag.ie