Cultúr Club @ Vancouver
Date and time
Location
Simon Fraser University
200 Conference Room, Harbour Centre
515 West Hastings Street
Vancouver, British Columbia V6B 5K3
Canada
Description
Bí linn don cheardlann gan chostas seo le foghlaim faoi acmhainní nua Cultúr Club do pháistí agus chun féiniúlacht Éireann níos láidre a chothú i measc na nGael thar sáile!
Join us for this free training session to learn about new Cultúr Club resources to foster a stronger sense of Irish identity among children of the diaspora.
Is deis í an cheardlann seo duitse:
- cóip chrua den trí leabhrán gníomhaíochta is déanaí a fháil
- oiliúnt a fháil ar an gcuraclam
- bualadh le Gaeil na cathrach
- treoir a fháil más mian leatsa ceardlanna áitiúla Cultúr Club a reáchtáil do pháistí
- comhairle agus tuairim a thabhairt dúinn ar acmhainní eile a d'fhéadfaimis a fhorbairt le cabhrú leat
This community-building workshop is a chance for you to:
- receive a hard copy of each of the latest three activity books
- be trained on the curriculum
- network with the Irish community
- receive guidance if you would like to potentially facilitate local Cultúr Club workshops
- consult and advise us on what other resources we could develop in the future to better help you
Sonraí: www.cnag.ie/CulturClub
Details: www.cnag.ie/culturclub
CAD É CULTÚR CLUB?
WHAT'S IT ALL ABOUT?
Tá acmhainní á bhforbairt ag Conradh na Gaeilge do shraith de cheardlanna Gaeilge agus cultúir a d'fhéadfadh éascaitheoirí áitiúla a reáchtáil do pháistí 6 - 16 bliana d'aois áit ar bith ar fud na cruinne.
Conradh na Gaeilge is developing resources for a series of Irish-language and culture workshops to be run by local facilitators for 6 - 16 year olds anywhere in the world.
Tá an curaclam Cultúr Club bunaithe ar 24 théama den Éireannachas agus áirítear ann:
- dhá shraith de leabhráin de ghníomhaíochtaí spraíúla do thrí aoisghrúpa
- treoirleabhar do mhúinteoirí, do thuistí, nó d'éascaitheoirí
- bunachar sonraí d'acmhainní agus d'áiseanna teagaisc
- bailiúchán na bpóstaer foclóra de chuid Kay Strauffer
- scéimeanna píolótacha chun oiliúint a chur ar éascaitheoirí
This Cultúr Club curriculum is based on 24 themes of Irishness and includes:
- two series of fun activity books for three age groups (6 - 8, 9 - 12, 13 - 16)
- guidelines for teachers, parents, or workshop facilitators
- a database of useful resources and teaching materials
- a collection of vocabulary posters by Kay Strauffer
- pilot schemes to train facilitators
Tá an chéad shraith de leabhráin ghníomhaíochta críochnaithe anois agus ar fáil in aisce ach do shonraí a chlárú anseo. Tá na leabhráin nua ar fáil in aisce d'aon duine ar spéis leo ceardlanna Cultúr Club a reáchtáil as a stuaim féin, nó dóibh siúd nár mian leo ach na hacmhainní a fhiosrú.
The first series of activity books are now completed and available free of charge from our website by registering your details here. The activity books are free to use for anyone who wants to run their own Cultúr Club workshops for kids, or indeed for anyone who is simply interested in the materials.
Cuirfear leabhráin na bliana seo agus tuilleadh acmhainní le www.cnag.ie/CulturClub an fómhar seo.
This year's books and additional supports will be available from www.cnag.ie/culturclub this autumn.
SCÉIMEANNA PÍOLÓTACHA
PILOT SCHEMES
Buíochas le tacaíocht ó Ard-Chonsalacht na hÉireann in Vancouver agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta, tá ceardlanna oiliúna Cultúr Club á reáchtáil againn do thuismitheoirí, do mhúinteoirí, agus d'éascaitheoirí féideartha eile i gCeanada i mí Dheireadh Fómhair 2019.
Thanks to funding from the Consulate General of Ireland in Vancouver and the Department of Culture, Heritage & the Gaeltacht, we are organising training workshops for parents, teachers and other potential Cultúr Club facilitators in Canada this October.
Tá ceardlanna Cultúr Club Vancouver á reáchtáil mar chuid de Dheireadh Seachtaine Gaeilge Vancouver a ritheann ó 4 - 6 Deireadh Fómhair 2019. Tuilleadh eolais agus ticéid ar $160 móide táillí áirithinte ó www.vancouveririshlanguageweekend.home.blog nó ar Eventbrite.
The Vancouver Cultúr Club workshops are running as part of the Vancouver Irish-Language Weekend from 4 - 6 October 2019. More information and tickets at $160 plus booking fees are available from www.vancouveririshlanguageweekend.home.blog or on Eventbrite.
Bí linn in Vancouver!
Join us in Vancouver!
Teagmháil agus tuilleadh eolais:
Contact and further information:
www.cnag.ie/CulturClub
culturclub@cnag.ie