Lá na Gaeilge i gCorcaigh
Date and time
Deis do theaghlaigh agus pobail tráthnóna taitneamhach saor in aisce a chaitheamh trí Ghaeilge.
About this event
Bí Linn & Fáilte!
Beidh Lá na Gaeilge ar siúl i bPáirc Tramore Valley, Baile an Locha, Corcaigh ar an Domhnach 19 Meitheamh ó 13:00 go 16:00. Deis do theaghlaigh agus pobail tráthnóna taitneamhach saor in aisce a chaitheamh trí Ghaeilge.
Beidh seastáin eolais ann chun aird a tharraingt ar thacaíochtaí & seirbhísí Gaeilge; Picnic na dTeidí le hamhráin & rannta do leanaí óga; Picnic na dTeaghlach & Pobal; cluichí spraíúla & cluichí boird; Cúinne Leabhar; ceol ó ghrúpaí áitiúla, Cúinne Cainte do dhaoine fásta agus ceardlanna. Beidh siamsaíocht ar fáil ó Giggles an Fear Grinn, Seó Puipéad le Little Gem Puppets agus Seó & ceardlann lámhchleasaíochta le Stephen McGinley.
Beidh Glór Teaghlaigh i gCorcaigh, líonra teaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge i gCorcaigh ag eagrú na himeachtaí, le tacaíocht ó Ghlór na nGael agus le maoiniú ó Chiste Spreagtha Chonradh na Gaeilge. Bheadh na múrtha fáilte romhaibh ar fad a bheith i láthair. Tóg Picnic llibh! Gach eolas ó cabrini@glornangael.ie.
Má tá aon eagraíocht, grúpa nó líonra Gaeilge nó Gaelscoil ar mian leo seastán eolais nó gníomhaíocht eile a chur ar siúl ar an lá, déan teagmháil le Cabríní de Barra ar 083 445 5914 chun é a phlé.
Déan áirithint anois!
#SnaG