Free
Lá na Gaeilge i gCorcaigh

Lá na Gaeilge i gCorcaigh

Actions and Detail Panel

Free

Event Information

Share this event

Date and time

Location

Location

Tramore Valley Park

South Link Road

Baile an Locha

T12 AE86 Cork

Ireland

View Map

Event description
Deis do theaghlaigh agus pobail tráthnóna taitneamhach saor in aisce a chaitheamh trí Ghaeilge.

About this event

Bí Linn & Fáilte!

Beidh Lá na Gaeilge ar siúl i bPáirc Tramore Valley, Baile an Locha, Corcaigh ar an Domhnach 19 Meitheamh ó 13:00 go 16:00. Deis do theaghlaigh agus pobail tráthnóna taitneamhach saor in aisce a chaitheamh trí Ghaeilge.

Beidh seastáin eolais ann chun aird a tharraingt ar thacaíochtaí & seirbhísí Gaeilge;  Picnic na dTeidí le hamhráin & rannta do leanaí óga; Picnic na dTeaghlach & Pobal; cluichí spraíúla & cluichí boird; Cúinne Leabhar; ceol ó ghrúpaí áitiúla, Cúinne Cainte do dhaoine fásta agus ceardlanna. Beidh siamsaíocht ar fáil ó Giggles an Fear Grinn, Seó Puipéad le Little Gem Puppets agus Seó & ceardlann lámhchleasaíochta le Stephen McGinley.

Beidh Glór Teaghlaigh i gCorcaigh, líonra teaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge i gCorcaigh ag eagrú na himeachtaí, le tacaíocht ó Ghlór na nGael agus le maoiniú ó Chiste Spreagtha Chonradh na Gaeilge. Bheadh na múrtha fáilte romhaibh ar fad a bheith i láthair. Tóg Picnic llibh! Gach eolas ó cabrini@glornangael.ie. 

Má tá aon eagraíocht, grúpa nó líonra Gaeilge nó Gaelscoil ar mian leo seastán eolais nó gníomhaíocht eile a chur ar siúl ar an lá, déan teagmháil le Cabríní de Barra ar 083 445 5914 chun é a phlé.

Déan áirithint anois!

#SnaG

Share with friends

Date and time

Location

Tramore Valley Park

South Link Road

Baile an Locha

T12 AE86 Cork

Ireland

View Map

Save This Event

Event Saved