Mórdhinnéar Na Gaeil Óga 2017
Date and time
Location
Óstán an Spencer
Siúlán an Mháil BÁC 1Refund Policy
Description
A chairde, a dhaoine uaisle, a chomhimreoirí agus a lucht tacaíochta,
Cuireann sé áthas orainn cuireadh a thabhairt duit chuig an ócáid is mó sa bhliain, Mórdhinnéar na Bliana 2017.
Cuirfear fáilte romhat ag ár gceiliúradh mór a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 25 Samhain ar 7:30pm in Óstán an Spencer, BÁC 1.
Is deis í seo teacht le chéile mar chumann agus mar phobal agus ceiliúradh a dhéanamh ar an mbliain imithe romhainn. Cuirfear fáilte roimh éinne a bhí ag imirt linn nó ag tacú linn thar na blianta, seanchairde agus baill nua.
Bígí linn le breathnú siar ar an mbliain a bhí ag ár bhfoirne ar fad; idir óg agus aosta, agus cuirfimis críoch spleodrach leis an mbliain!
Ar an oíche í féin, bígí ag súil le béile blasta 4 chúrsa ó fhoireann an Spencer, bronnfar gradaim éagsúla ar na foirne ar fad - Imreoir na Bliana san áireamh.
Chomh maith leis sin, tabharfar aitheantas do dhuine amháin ar an oíche. Bronnfar príomhghradam na bliana, Gradam Sheáin Uí Laighin ar an duine a chabhraigh leis an gcumann a chur chun cinn agus sinn ag fás agus ag forbairt.
Beidh go leor ceiliúradh le déanamh againn agus bronnfar na boinn sraithe ar ár bhfoireann A na bhfear agus ar ár bhfoireann iomána. Is éacht dochreidte é go bhfuil 2 shraith buaite ag an 2 fhoireann i mbliana, rud atá tuillte go mór acu.
I ndiaidh na ndualgas oifigiúil ar fad, ligfimis ár scith agus beidh roinnt damhsa againn le DJ ag casadh go dtí a 2am.
Ba mhór dúinn dá mbeadh sibh inár dteannta linn agus sinn ag déanamh ceiliúradh ar an mbliain seo.
AIRE:
***Caithfear íoc as ticéid faoin gCéadaoin, 22 Samhain - ní ceadófar íoc as ticéid ar an oíche***
Faigh do thicéad anois!
https://www.eventbrite.ie/o/na-gaeil-oga-clg-7641257987
Mórdhinnéar Na Gaeil Óga CLG
Óstán an Spencer,
Siúlán an Mháil,
BÁC 1.
Dé Sathairn, 25 Samhain 2017
7:30pm
Ticéad: €50