Mórdhinnéar Na Gaeil Óga 2018

Mórdhinnéar Na Gaeil Óga 2018

By Na Gaeil Óga CLG

Date and time

Sat, 24 Nov 2018 19:00 - Sun, 25 Nov 2018 02:00 GMT

Location

Óstán an Spencer, Siúlán an Mháil, BÁC 1. Ireland

Refund Policy

Contact the organiser to request a refund.

Description

A dhaoine uaisle, a chomhimreoirí, a lucht urraíochta agus a lucht tacaíochta,

Cuireann sé áthas orainn cuireadh a thabhairt duit chuig an ócáid is mó sa bhliain, Mórdhinnéar Na Gaeil Óga 2018. Cuirfear fáilte romhat ag ár gceiliúradh mór a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 24 Samhain ar 7pm in Óstán an Spencer, BÁC 1.

Is deis í seo teacht le chéile mar chumann agus mar phobal agus ceiliúradh a dhéanamh ar an mbliain imithe romhainn. Cuirfear fáilte roimh éinne a bhí ag imirt linn nó ag tacú linn thar na blianta, seanchairde agus baill nua.

Beimid ag breathnú siar ar an mbliain a bhí ag ár bhfoirne ar fad; idir óg agus aosta, agus cuirfimis críoch spleodrach leis an mbliain imeartha seo.

Ar an oíche í féin, bímis ag súil le béile blasta 4 chúrsa ó fhoireann an Spencer agus bronnfar gradaim éagsúla ar na foirne ar fad - Imreoir na Bliana san áireamh.

Chomh maith leis sin, tabharfar aitheantas do dhuine amháin ar an oíche. Bronnfar príomhghradam na bliana, Gradam Sheáin Uí Laighin ar an duine a chabhraigh leis an gcumann a chur chun cinn agus sinn ag fás agus ag forbairt le cúpla bliain anuas.

I ndiaidh na ndualgas oifigiúil ar fad, ligfimis ár scith agus beidh roinnt damhsa againn le DJ ag casadh go dtí a 2am.

Ba mhór dúinn dá mbeadh sibh inár dteannta linn agus sinn ag déanamh ceiliúradh ar an mbliain seo.

Mórdhinnéar Na Gaeil Óga CLG
Óstán an Spencer,
Siúlán an Mháil,
BÁC 1.

Dé Sathairn, 24 Samhain 2018
7pm
Ticéid:
€50


Sales Ended