Actions Panel
Oíche Litríochta le h-údar Tadhg Mac Dhonnagáin
Oíche litríochta agus cóisir Nollag do Ghaeil na Bruiséile
When and where
Date and time
Location
Embassy of Ireland 50 Rue Froissart 1040 Etterbeek Belgium
Map and directions
How to get there
About this event
Cuireann Ambasáid na hÉireann fáilte romhaibh chuig óiche litríochta le h-údar Tadhg Mac Dhonnagáin ar an 7ú lá de mhí na Nollag. Déanfaidh Tadhg cur i láthair ar chuid dá shaothair agus é i gcómhrá le Tomaí Ó Conghaile. Beidh Tadhg sa Bhruiséil chun glacadh le gradam Aitheantas Spesialta a bhronnadh ar a leabhar Madame Lazare ag Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh, 2022.
I ndiaidh na léitheoireachta, cuirfear cóisir Nollag ar siúl san Ambasáid do Ghaeil na Bruiséile.
Cláirigh ar shuíomh Eventbrite chun freastail ar an oíche.
Maidir le Tadhg:
Úrscéalaí, scríbhneoir neamhfhicsin, scríbhneoir scripte agus cumadóir amhrán é Tadhg Mac Dhonnagáin. Is é a chruthaigh agus a bhí mar phríomhscríbhneoir ar an tsraith theilifíse Aifric ar bronnadh Gradam IFTA don chlár is fearr óige, trí bliana as a chéile. Craoladh an tsraith i seacht gcinn de theangacha ar fud na cruinne.
I measc na ngradam atá bainte ag a chuid leabhar tá Gradam Uí Shúilleabháin, Gradam Réics Carló, Gradam Speisialta Children’s Books Ireland agus Gradam an White Raven ón Internationale Jugendbibliothek sa Ghearmáin. Bronnadh Irish Book Award ar Madame Lazare in 2021 agus bhí sé i measc na gcúig úrscéal ar bronnadh Aitheantas Speisialta orthu ag Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh, 2022.
Tá tuilleadh eolais ar Duais Litríóchta an Aontas Eorpaigh ar fáil anseo.
This event will be held in Irish.
Le meas,
Ambasáid na hÉireann / Embassy of Ireland