Rang Bodhrán le COLM MURPHY
Event Information
About this Event
Beidh Scoil Cheoil an Earraigh ag reachtáil ranganna bodhrán le Colm Murphy ón 18ú - 20ú Feabhra 2021 tríd ZOOM.
Corcaíoch ó dhúchas, tá cáil ar Cholm Murphy de bharr an róil lárnaigh a bhí aige leis an mbanna ceannródaíoch De Dannan. Tá stíl shuaithinseach aige ar an mbodhrán agus is é an stíl seo atá le clos ar rianta ceoil le go leor ceoltóirí mór le rá, leithéidí Altan, Martín O’Connor Jackie Daly agus Mary Bergin. I 1986 d’eisigh sé dlúthdhiosca ‘AN BODHRAN- THE IRISH DRUM’, a léiríonn an meas atá aige ar thréithe caolchúiseacha an cheoil.
Níl ach líon teoranta ticéid ar fáil don rang seo, rang duine le duine atá i gceist.
Beidh gach rang ar siúl ar feadh 30 noiméad, leis an céad rang ag tosnú ag 11rn gach lá.
Mar eolas:
- Caithfidh daltaí a gcuid uirlisí fhéin a bheith acu.
- Tá fáilte roimis dhaoine fásta & leanaí os cionn 9 mbliana.
- Beidh béim ar mhúineadh trí Ghaelainn sna ranganna.
- Cuirfear béim ar amhráin, ar stíl is ar phoirt Chorca Dhuibhne.
- Níl aon chead taifeadadh le linn ranga.
- N.B. Níl aon ranganna uirlise ann do ghlan tosnaitheoirí.
Scoil Cheoil an Earraigh will host bodhrán classes with Colm from 18th - 20th of February 2021 via ZOOM.
Colm Murphy hails from Cork, best known as a musician for his central role with the seminal traditional ensemble De Dannan, Murphy's distinctive bodhran style has informed the performance and recorded work of many of Irish music's iconic players,including; Altan, Máirtín O'Connor, Jackie Daly and Mary Bergin, amongst others. He released a cd in 1986; "AN BODHRAN- THE IRISH DRUM" which demonstrates his respect for the subtleties of Irish dance music.
Each class will last 30 minutes and are on a “one to one” basis, therefore tickets are limited. The first class will begin at 11am every day.
Please note:
- Pupils must have their own instruments.
- Classes are for adults and children age 9+.
- Most classes will be taught ‘as Gaeilge’ (through Irish) while all efforts will be made to make sure that no one feels excluded.
- The emphasis will be on West Kerry tunes and style.
- Recording during classes is prohibited.
- NB There are no classes for absolute beginners.