Scoil Gheimhridh Merriman 2017: An Ghaeilge i mBaile Átha Cliath
Event Information
Description
Pléifidh Scoil Gheimhridh Merriman 2017 ról na Gaeilge i mBaile Átha Cliath go stairiúil agus go comhaimseartha. Beidh léachtaí, siompóisiam, ócaidí liteartha agus ceoil mar chuid den chlár.
Clár na Scoile
Dé hAoine 3 Márta
6.30in Clárú agus Fáiltiú
7.30in Oscailt na Scoile: Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
Cainteoirí
- An tOllamh Liam Mac Mathúna: ‘An Ghaeilge faoi bhláth in Áth na gCliath: Muintir Neachtain (1700–1750)’
- An tOllamh Máirín Nic Eoin: ‘Duibhlinn an Duibhleanna? Baile Átha Cliath i nualitríocht na Gaeilge’
Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh
10.00in Club Merriman, Óstán an Skylon
Dé Sathairn 4 Márta
10.00rn Siompóisiam: Cothú Phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath
- Muireann Ní Mhóráin, Cathaoirleach Bhord Bainistíochta Scoil Lorcáin
- Edel Ní Bhraonáin, Duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga CLG
- Fachtna Ó Drisceoil, Léiritheoir Cormac ag a 5, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cathaoirleach: An Dr Deirdre Nic Mhathúna
11.30rn Seoladh Leabhar:
- Léann 4 curtha in eagar ag an Oll. Mícheál Ó Mainnín agus an Dr Rióna Ní Fhrighil. Foilsitheoir: Cumann Léann na Litríochta. Cainteoir: An tOll. Máirín Nic Eoin
- An Strainséir le Brian Ó Tiomáin agus An Ghaeilge i Maigh Nuad le Seán Ó hÉanacháin. Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht. Cainteoir: Liam Ó Dochartaigh
1.45in – 5.00 Turas Bus Stairiúil
Taispeántas lámhscríbhinní Gaeilge agus turas treoraithe ar Leabharlann Marsh mar aon le cuairt ar na Saoirsí le Des Geraghty
7.30in ‘An Ghaeilge i mBaile Átha Cliath’ - Ócáid cheoil agus plé
Ceoltóirí: An Dr Síle Denvir, Des Geraghty agus Peter Browne
Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh
10.00in Club Merriman, Óstán an Skylon
Dé Domhnaigh 5 Márta
11.00rn ‘Blas Cathrach’ - Ócáid Liteartha
Comhrá, plé agus léamha óna saothar próis agus filíochta le beirt scríbhneoirí de chuid Bhaile Átha Cliath, Anna Heussaff agus Marcus Mac Conghail.
Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain