Actions Panel
Teach Oscailte: Turas trí Ghaeilge
Date and time
Location
Teach Laighean
Kildare Street Dublin 2 IrelandDescription
Tá áthas ar Thithe an Oireachtais páirt a ghlacadh san fhéile Teach Oscailte arís sa bhliain 2019. Tar éis tréimhse d’obair fhairsing athfheistiúcháin agus chaomhnaithe a chur dínn, tá Teach Laighean Seoirseach ar oscailt arís, agus is deis uathúil í Teach Oscailte chun cur amach a fháil, ó na daoine a bhí rannpháirteach san obair, ar an gclár oibreacha a bhain leis an gcuid thábhachtach sin dár n-oidhreacht thógtha. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.oireachtas.ie/returntothehouse
Tugtar cuireadh duit, ar an lá, dul ar thuras speisialta ina ndíreofar ar stair an fhoirgnimh, freastal ar léacht ar an tionscadal fairsing athfheistiúcháin agus caomhnaithe agus taitneamh a bhaint as roinnt siamsaíochta a bhaineann leis an téama. Tá an t-imeacht seo oiriúnach do gach aois.
Beidh turas ar siúl gach 15 nóiméad ó 10 a.m. go 4.45 p.m. Beidh saorchead isteach.