Bród na Gaeltachta
A chairde,
Bunaíodh Féile BRÓD na Gaeltachta i gCloich Cheann Fhaola i mí Iúil 2022, an chéad fhéile LADTA+ a cuireadh ar siúl in aon cheantar tuaithe Gaeltachta ar fud na tíre agus a raibh an-rath uirthi. Thug pobal Chloich Cheann Fhaola tacaíocht mhór don fhéile agus tháing cairde agus teaghlaigh i gcuideachta le cairde an phobail LADTA+ agus an pobal aiteach Gaelach uilig le chéile Dé Sathairn 23 Iúil leis an ócáid mhór stairiúil seo a cheiliúradh ar an Fhál Carrach. Bhí ar n-uathúlacht i mbéal an phobail agus tharraing muid go leor cainte sna meáin.
D’éirigh linn ainmniúchán a fháil ón DLDC Community Awards don Most Innovative Community Initiative 2022.
Bród na Gaeltachta
Upcoming (0)
Sorry, there are no upcoming events