Cultúrlann Aonach Mhacha
Seo a leanas cuspóirí Aonach Mhacha:
Feasacht agus grá ar chultúr na nGael a chothú tríd an Ghaeilge, an ceol Gaelach, drámaíocht, filíocht, litríocht, ealaíon, spóirt agus stair shóisialta a chur chun cinn;
Feasacht agus rannpháirtíocht in oidhreacht, stair, geilleagar, nósanna agus traidisiúin Ard Mhacha a spreagadh;
Rannpháirtíocht sna h-ealaíona traidisiúnta agus in imeachtaí cultúrtha Gaelacha a spreagadh trí cheardlanna, ranganna, siamsaíocht agus imeachtaí eile a spreagadh;
Áiseanna agus tacaíocht a chur ar fáil do thionscnaimh chultúrtha, do scoileanna, do ghrúpaí pobail agus d’eagraíochtaí mionteangacha eile;
Deiseanna oiliúna agus fostaíochta a chur ar fáil; an turasóireacht chultúrtha a fhorbairt; ionad cultúir a reáchtáil agus a bhainistiú.