Ceardlann scríbhneoireachta do theaghlaigh le Fighting Words
Tá an ceardlann ar siúl trí Ghaeilge, le béim i gcónaí ar an gcruthaitheacht, ar an tsamhlaíocht, agus ar an spraoi. Is ar an duine ina iomláine atá muid dírithe i Fighting Words, agus cuirimid luach ard ar an bhféinmhuinín agus ar mheas a léiriú dá chéile.
Maireann an cheardlann dhá uair an chloig. Scríobhann an grúpa tús scéil le chéile sa chéad leath den seisiún, agus ansin sa dara leath bíonn seans ag gach duine a gcuid scríbhneoireachta féin a dhéanamh- in aon seánra gur mian leo! Tugtar an seans do gach duine gabháil ag a luas féin, agus is féidir a bheith páirteach i scéalaíocht scríofa agus i scéalaíocht ó bhéal.
Ag deireadh na ceardlainne bíonn deis ag daoine a gcuid oibre a roinnt. Tugtar leabhrán do gach duine le tús an scéil agus pictiúir anmhaisitheora ann, le gur féidir leo toradh a gcuid oibre a bhreith leo abhaile.
Good to know
Highlights
- 2 hours
- under 14 with parent or legal guardian
- In person
Location
Dundrum Library
Churchtown Road Upper
D14 VP97 Dublin
How do you want to get there?
