AN TRAM DEIREANACH

AN TRAM DEIREANACH

Saol agus saothar an scéalaí Liam Mac Carráin, Béal Feirsteach

By IMRAM Féile Litríochta Gaeilge

Date and time

Tuesday, June 25 · 7:30 - 9:30pm GMT+1

Location

Hawthorn Street

Hawthorn Street Belfast BT12 7AQ United Kingdom

Refund Policy

Contact the organizer to request a refund.

About this event

  • 2 hours

Bhí William Carson nó Liam Mac Carráin (1916-1998) mar ab fhearr aithne air, ar dhuine de phríomhghníomhairí ar son na Gaeilge i mBéal Feirste. Thuill sé gnaoi an phobail mar scéalaí agus mar scríbhneoir. Ba sna triochaidí a thug sé grá don teanga den chéad uair. Chaith sé go leor dá chuid ama i nGaeltacht Dhún na nGall agus sult á bhaint aige as seanchas Mhicí Sheáin Néill (1901-1981). Bhí sé ina chúltaca ag Cumann Chluain Ard agus bhíodh fonn amhránaíochta agus scéalaíochta air i gcónaí ann, oícheanta Sathairn. Faightear léargas an-bheo ina chuid leabhar Is Cuimhin Liom an t-Am Seo, Siúd agus Siúd Eile ar chúinsí an lucht oibre i mBéal Feirste sna 1930í, ar Bhóthar na bhFál agus sa tSeanchill, agus Liam ag obair don Royal Mail. Le linn na dTrioblóidí dorcha, d'eagraigh sé ranganna oíche Gaeilge do Chaitlicigh agus do Phrotastúnaigh araon faoi scáth Chumann Oideachais na nOibrithe.

Is é a bhfuil sa léiriú An Tram Deireanach na scéalta, amhráin agus dánta as a chuid leabhar, arna léamh ag Art Hughes, Séamus Ó Donnghaile agus Fionntán Mac Giolla Chiaráin; chomh maith le hamhráin le Diane Ní Chanainnagus ceol le Seán Mac Erlaine; agus íomhanna ar scaileán le Margaret Lonergan. Coimeadaí an tionscadail: Liam Carson.

Organized by