BAINT AN AEIR - turas ealaíne & aeráide
Date and time
Location
bualadh le chéile ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Turas go Caladh Thadhg, Céibh an Dóilín, Trá an Dóilín
An Cheathrú Rua
Ireland
Baint an Aeir - turas ealaíne agus athrú aeráide. Saothair nua ealaíne & siúlóidí treoirithe ar chósta na Ceathrún Rua
About this event
Tá an t-athrú aeráide ag cur athrú ar Chonamara. Céard atá i ndán dúinn? Agus cé a rachaidh i ngleic leis?
Arna choimeadú ag Ríonach Ní Néill, déanann ealaíontóiri Baint an Aeir machnamh ar an ghéarchéim aeráide, agus ar bhealaí le húsáid a bhaint as nósanna thraidisiúnta Chonamara, as an tírdhreach agus na hacmhainní nádúrtha atá ar fáil go háitiúil, chun todhchaí dícharbónaithe a bhaint amach.
AMCHLÁR
18:00: Caladh Thadhg : Seoladh an Dealbh Cumhachta Gealaigh le Paddy Bloomer, dealbh cinéiteach cumhachtaithe ag tuirbín taoide, ar chatamaran atá tógtha as sean-lannaí tuirbíní gaoithe.
18:30: Caladh Thadhg go Céibh an Dóilín : siúlóid treoirithe le Dr. Mícheál Ó Cinnéide ag déanamh plé ar thionchar an t-athrú aeráide ar thimpeallacht agus ar thírdhreach na Ceathrún Rua.
19:15: Céibh an Dóilín : Cúirt ar 'An Scailp' le Seán Ó Flaithearta & Marcus Mac Conghail, suiteán idirghníomhach ealaíne, fuaime & aeráide, inar féidir nóiméad de chaidreamh siombalach agus íogair a roinnt le daoine eile, gur féidir samhlú, freagairt agus machnamh a dheanamh ar an ngéarchéim aeráide.
20:00: Céibh an Dóilín go Trá an Dóilín : Siúlóid Spéirscéalta le Dr. Liz Coleman ag déanamh plé ar an cheangailt idir an t-aer a n-análaimid, an t-asmaféar agus an t-athrú aeráide.
21:15: Trá an Dóilín : Radharc amach ar an Dealbh Cumhachta Gealaigh ar Chuan an Fhir Mhóir, ceol nuachumtha le Caitríona Ní Chonaola agus Máirtin Breathnach, picnic cumhachtaithe ag Solar Structures. Cloisfimid faoin foscadh ginte fuinnimh atá á dhearadh ag Ríonach Ní Néill agus Aoife Casby don Pháirc Astro le nach mbeadh lucht leanta spóirt fuar ná fliuch a thuilleadh.
TABHAIR FAOI DEARA
Is imeacht amuigh faoin aeir é seo agus beidh muid ag siúl ar thalamh garbh cois cladaigh agus ar an trá. Moltar éadaí agus bróga cuí a chaitheamh. Má tá riachtanas soghluaiseacht agat, téigh i dteaghmháil le rionach@ciotog.ie
Níl spásanna páirceála ar fáil ar Chaladh Thadhg nó Céibh an Dóilín. Is féidir páirceáil ar chúl Áras Uí Chadhain agus beidh bus ar fáil chun taisteal idir na suíomhanna agus ar ais ag deireadh na hócáide. Is gá masc a chaitheamh ar an mbus.
Tá leithris poiblí ag Trá an Dóilín.
Beidh muid i mbun griangrafadóireachta & scannánaíochta ag an imeacht. Mura mian leat go mbeadh do íomhá á n-úsáid againn, déan teagmháil le ball foirne.
Baint an Aeir arna chrothú ag Ríonach Ní Néill, arna leiriú ag Ciotóg, arna mhaoiniú ag an Chiste Gníomh Cruthaíoch don Aeráid, atá á riar ag Éire Ildánach i gcomhpháirt le an Roinn Comhshaoil, Aeráide & Cumarsáide, agus arna thacú ag Údarás na Gaeltachta, Comharchumann Mhic Dara agus Pobal Rua.