Ceardlanna Chuimhní Fileata

Actions Panel

Ceardlanna Chuimhní Fileata

Dhá cheardlann chruthaitheacha dírithe ar ábhair chartlainne ó Chogadh na Saoirse & ón gCogadh Cathartha

When and where

Date and time

Location

Cork City Library 61 Grand Parade Cork Ireland

Map and directions

How to get there

About this event

Ceardlann 1 – Dé Céadaoin, 5 Deireadh Fómhair 2-4pm

Ceardlann 2 – Dé Céadaoin, 12 Deireadh Fómhair 2-4pm

Ní mór do rannpháirtithe freastal ar an gceardlann.

Tá ceardlanna le haghaidh daoine fásta oscailte le haghaidh aon duine thar aois 16. Níl aon réamhthaithí scríbhneoireachta riachtanach. Tá fáilte roimh chách freastal ar cheardlann.

Sa chéad cheardlann, scrúdóidh na rannpháirtithe ábhair chartlainne a bhaineann le stair áitiúil Chogadh na Saoirse agus an Chogadh Cathartha, agus déanfaidh siad plé orthu. Tá fáilte roimh scéalta a bhaineann le muintir na rannpháirtithe, agus roimh aon ábhar a bhaineann leis an tréimhse réabhlóideach, ach ní gá baint mhuinteartha a bheith agat leis an stair áitiúil - tá fáilte roimh chách. Díreoidh an dara ceardlann ar bharr feabhais a chur ar do chuid scileanna scríbhneoireachta.

Baileoidh foireann Chuimhní Fileata na dánta a cumfar sna ceardlanna agus coimeádfar iad i dTaisce Aithris Filíochta na hÉireann. Ag Sainchnuasaigh UCD mar thaifead de chleachtadh comórtha in 2022-2023. Agus cead faighte ón té oiriúnach, cuirfear rogha de dhánta in airde ar bhalla filíochta fíorúil Chuimhní Fileata, balla fíorúil atá ar fáil ar ár suíomh

Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill in 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh in 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta, Péacadh, in 2008 agus Tost agus Allagar in 2016. Ghnóthaigh Tost agus Allagar Duais Uí hAirtnéide in 2019. The Coast Road an teideal atá ar chnuasach dátheangach a d’fhoilsigh Gallery Press mar a bhfuil aistriúcháin le filí aitheanta an Bhéarla. D’fhoilsigh Cois Life Dánta Andrée Chedid mar chuid den tsraith ‘File ar Fhile’ in 2019. Bronnadh Duais Lawrence O’Shaughnessy uirthi in 2020. Foilseofar cnuasach nua léi, Tonn Teasa agus Dánta Eile, sa bhfómhar.