Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2024 á reáchtáil ag Cumann Peile Cill na
Martra i gCill na Martra, Co. Chorcaí ón 31 ú Bealtaine – 3 ú Meitheamh.
Mórimeachtaí an deireadh seachtaine:
· 25+ cluiche peile ar siúl thar an deireadh seachtaine – an chuid is mó díobh ar Pháirc Uí Chuana, Cill na Martra agus roinnt eile i mBaile Bhúirne agus Béal Átha’n Ghaorthaidh.
· Beidh ollphuball i gCill na Martra le bia den scoth ar fáil ó mhaidin go hoíche
· Beidh beár déanach ann gach oíche
· Ceol beo gach oíche le Bog The Donkey, Na Rógairí, Pólca 4 agus DJ.
· Tá Pas Deireadh Seachtaine ar díol anseo ar €50 + táille áirithinte. Leis an bPas seo gheobhaidh tú:
· Cead isteach ag 25+ cluiche peile
· Cead isteach ag gach imeacht san ollphuball istoíche.
· Cóip de Chlár Oifigiúil/Leabhar an Chomórtais chomh maith (luach €10).
Sin luach €70 ar phraghas €50!
Níl le déanamh ach an Pas a cheannach ar líne anseo agus an cód a thaispeáint ag an ngeata i gCill na Martra chun do bhanda riosta a fháil!