Láthair Champála Ghaeltachta ag Electric Picnic 2019
Event Information
Description
Don dara bhliain as a chéile beidh láthair champála Ghaeltachta ag an fhéile cheoil is mó in Éirinn, eagraithe ag Conradh na Gaeilge. D'éirigh go hiontach leis an láthair anuraidh, a bhí ann de bharr gur Bliain na Gaeilge a bhí i 2018. Déan an fhéile a cheiliúradh trí Ghaeilge linn!
Beidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na láithreach seo agus iarrtar ort meas a léiriú uirthi agus ar do chomhchampálaithe agus tú sa láthair seo. Beidh béim i mbliana chomh maith ar chursaí timpeallachta agus athchúrsála.
Mar aon le seo beidh ceol breá Gaelach agus traidisiúnta le cloisteáil ó ardán na Collchoille istoíche, agus muid ag cur na Gaeilge ag #CroíNaFéile.
Níl ach líon teoranta spásanna ann, bígí sciopaidh!