Seisiúin Scríbhneoireachta do na Gaeil

Seisiúin Scríbhneoireachta do na Gaeil

Am agus spás do scríbhneoirí Gaeilge le bheith ag obair ar a gcuid tionscadal litríochta. Fáilte roimh gach scríbhneoir, aiteach nó díreach.

By AerachAiteachGaelach

Location

Outhouse LGBTQ+ Centre

105 Capel Street D01 R290 Dublin 1 Ireland

Refund Policy

Contact the organiser to request a refund.

About this event

  • 2 hours

Spás agus am an dá rud is mó a bhíonn ag teastáil ó gach scríbhneoir agus ní miste comhluadar daoine eile a bheith acu le hiad a choinneáil dírithe ar na spriocanna a leagann siad amach dóibh féin.

Sna seisiúin seo, tiocfaidh scríbhneoirí Gaeilge le chéile le dul i mbun pinn ar a gcuid tionscadal féin nó i dtionscadail chomhpháirteacha le scríbhneoirí eile.

Seisiún míosúil is ea é seo a bheidh ar siúl ar an dara Céadaoin de gach mí. Beidh aoi-áisitheoirí chugainn i gcuid de na seisiúin.

Sceideal:

  • 14 Feabhra: Seisiún ciúin scríbhneoireachta
  • 13 Márta: Deis saothair a léamh don ghrúpa
  • 10 Aibreán: Seisiún Aiseolais le hÁine Ní Ghlinn (Imeacht ar leith in Eventbrite)
  • 8 Bealtaine: Seisiún ciúin scríbhneoireachta
  • 12 Meitheamh: Seisiún Treoraithe le húdar aitheanta (Imeacht ar leith in Eventbrite)
  • 10 Iúil: Seisiún ciúin scríbhneoireachta
  • 14 Lúnasa: Deis saothair a léamh don ghrúpa
  • 11 Meán Fómhair: Seisiún Aiseolais le húdar aitheanta (Imeacht ar leith in Eventbrite)
  • 9 Deireadh Fómhair: Seisiún ciúin scríbhneoireachta
  • 13 Samhain: Seisiún Treoraithe le húdar aitheanta (Imeacht ar leith in Eventbrite)
  • 11 Nollaig: Seisiún ciúin scríbhneoireachta

Is faoi choimirce AerachAiteachGaelach atá an tsraith seo seisiún á reachtáil. Beidh tús áite ag baill AAG ach tá fáilte roimh aon scríbhneoir le Gaeilge agus ní gá go mbeadh duine LADTAIÉ+ le bheith linn.

Tá Foras na Gaeilge ag tacú leis an tsraith seo trí Scéim na Litríochta, rud a fhágann gur féidir linn na ticéid a chur ar fáil saor in aisce. Ina dhiaidh sin féin, más maith leat tacú le gníomhaíochtaí eile de chuid an ghrúpa, chuirfimis an-fháilte roimh shíntiúis. Úsáidfear an t-airgead sin chun ceardlanna, drámaí agus imeachtaí a reáchtáil don phobal.

Organised by

Donation